Thursday, April 5, 2018

An Teilifís & An Clár Teilifíse is Fearr Liom


Is breá liom (is aoibhinn liom) ag féachaint ar an teilifís I love watching T.V.
Bím ag féachaint ar an teilifís sa seomra suí sa bhaile & bím ag féachaint ar Netflix ar mo thaibléad agus
ar m’fhón poca I watch TV in the sitting room at home and I watch Netflix on my tablet or on my phone.
Féachaim (féachann mé) ar an teilifís chun mo scíth a ligean I watch TV to relax
Tugann sé sos dom ón staidéar / Tugann sé sos dom ó bhrú an staidéir It gives me a break from study / from the pressure of study
Caithim píosa ama ag féachaint ar an teilifís nuair a chríochnaím an obair bhaile gach lá I spend a while watching TV when I finish my homework every day.
Is é The Big Bang Theory an clár teilifíse is fearr liom The Big Bang Theory is my favourite show
Is clár grinn é agus bíonn sé ar siúl gach tráthnóna It’s a comedy & it’s on every evening
Tá an clár bunaithe ar chúigear eolaí atá cáirdiúil le chéile The show is based on five scientists who are friends of one another
Tá siad an-chliste ach bíonn siad an-ghreannmhar ar fad freisin They are very clever but they are also very funny
Tarlaíonn eachtraí greannmhara éagsúla i ngach clár Different funny events happen in every show
Is é Sheldon an carachtar is fearr liom sa chlár Sheldon is my favourite character in the show
Is duine an-chliste é ach bíonn sé beagán amaideach ag an am céanna He’s a very clever person but he’s a bit silly at the same time

Is breá liom ag féachaint ar YouTube freisin I love watching YouTube also
Bím ag féachaint ar YouTube ar m’fhón póca I watch YouTube on my phone
Deir mo thuismitheoirí gur cur amú ama é! My parents say it’s a waste of time!


No comments:

Post a Comment

Briathra san Aimsir Chaite

Liosta briathra san Aimsir Chaite. A list of some common verbs in the Aimsir Chaite. An Aimsir Chaite